Ar mhaith leat a bheith ag obair le foireann TG4?


Cúrsa úr seolta ag Fíbín Media agus Gréasán Na Meán Skillnet i gcomhar le TG4 chun pearsanra oilte a fhorbairt do thionscal na Meán Gaeilge
Tá cúrsa nua seolta ag Fíbín Media agus Gréasán Na Meán Skillnet i gcomhar le TG4 chun pearsanra oilte a fhorbairt do thionscal na Meán Gaeilge.
Má tá suim agat a bheith ag obair sa teilifís agus má tá Gaeilge agat, seol CV chugainn ag [email protected]
Táthar ag lorg cainteoirí Gaeilge, os cionn 18 bliain d’aois, a bhfuil suim acu post buan a bhaint amach in earnáil na teilifíse tar éis an chúrsa. Tá siad ag lorg daoine a bhfuil suim acu i gcúrsaí fuaime, ceamaradóireachta, eagarthóireachta, léiritheoireachta, stiúrtha, láithreoireachta, iriseoireachta, soilse, agus aistriúcháin. Táthar a rá nach bhfuil aon ghá taithí ná cáilíocht a bheith ag daoine mar go gcuirfear oiliúint iomlán ar fáil le linn an chúrsa.
An Cúrsa
Beidh an cúrsa ar siúl ó Meitheamh 26 go dtí Lúnasa 4 ag oifigí agus stiúideo teilifíse Fíbín Media ar an Tulaigh, i mBaile na hAbhann, Contae na Gaillimhe, H91 A9W8.
Beifear ag obair le Gréasán na Meán chun tacaíocht airgeadais a fháil don chúrsa seo agus chun an cúrsa féin a leagan amach idir ábhar, fad an chúrsa, agus méid daoine chun go mbeidh struchtúr foghlama ann agus taithí mhaith á fáil ag na daoine a bheas faoi oiliúint.
Tosóidh gach duine ar an gcúrsa seo ar an lá céanna. Bheadh sé i gceist acu níos mó ná duine amháin a bheith i ngach rannóg, ag roghnú an duine is fearr ag deireadh an chúrsa le post buan a thabhairt dóibh ar Scéal 4.
Le freastal ar an ardú ‘táirgeachta’ a bheas le teacht le cainéal nua Cúla4, is deis iontach é seo chun daoine nua le smaointe nua a mhealladh chuig an earnáil, ní amháin do Fíbín Media ach don earnáil i gcoitinne.
Ní bheidh ar rannpháirtithe an chúrsa táillí a íoc agus clúdófar lóistín agus bia mar chuid den chúrsa.
Imlíne an chúrsa
Is é aidhm an chúrsa seo go mbeidh rannpháirtithe an chúrsa ag fáil taithí phraiticiúil sa chaoi go mbeidh siad in ann post lánaimseartha a bhaint amach ag deireadh an chúrsa seacht seachtaine.
Clúdófar gach gné de léiriúchán. Ina measc, tá léiritheoireacht, stiúradh, ag glacadh nótaí agus ag cur nótaí i bhfeidhm, fuaim ar láthair agus sa stiúideo, meascadh fuaime, eagarthóireacht agus ag réiteach ábhar le seachadadh do chraoltóirí.
Is é an aidhm go mbeidh idir triúr agus ceathrar i ngach roinn agus go mbeidh post buan curtha ar fáil do dhuine dóibh sin ar Scéal 4 ó mhí Lúnasa ar aghaidh m.sh. Innealtóir fuaime, Ceamaradóir, Eagarthóir srl. Rachaidh sé seo chun tairbhe don tionscal níos leithne sa réigiún freisin mar is féidir leo siúd nach n-éiríonn leo post a bhaint amach le Fíbín Media post a lorg i gcomhlachtaí eile atá ag déanamh cláir as Gaeilge do TG4.
Dírithe go sonrach ar ábhar do dhaoine óga, is cur chuige níos spriocdhírithe é Acadamh Scéal 4, a thabharfaidh aghaidh ar an nganntanas criú agus tallainne ar an scáileán agus taobh thiar den cheamara do chláir do dhaoine óga as Gaeilge.
Tá gach eolas ar www.fibinmedia.ie/acadamh
Coinnigh súil ar ár leathanach LinkedIn nua Fíbín Media le haghaidh uasdátaithe post agus deiseanna traenála.