Aontas Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe ag tarraingt aird ar chúrsaí tithíochta

placeholder image

Tá líon ard mac léinn nach bhfuil ábalta loistín a fháil i nGaillimh

Beidh Aontas Mac Léinn Ollscoil na Gaillimhe i mbun agóide agus beidh siad ina gcodladh amuigh ag an bhFaiche Mhór Dé Céadaoin, Meán Fómhair 27.

Tiocfaidh siad le chéile ar champas Ollscoil na Gaillimhe ag 4.30pm agus beidh siad ag déanamh a mbealach chun na Faiche Móire áit a mbeidh óráidí sula gcuirfidh na mic léinn campa ar bun don

oíche.

Tá an tAontas ag iarraidh ar an Rialtas agus ar an ollscoil theacht ar réiteach don líon ollmhór mac léinn as Gaillimh atá gan dídean i láthair na huaire.

Tá sé mar aidhm ag an agóid aird a tharraingt ar chruachás na mic léinn nach bhfuil in ann

teacht ar thithíocht.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice