Aonach Breisoideachais agus Oiliúna ETB Dhún na nGall 2024 le bheith ar siúl i Leitir Ceanainn


Beidh an tAonach FET dírithe ar lucht fágála scoile agus a dtuismitheoirí, treoirchomhairleoirí scoile agus príomhoidí
Reáchtálfaidh Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (ETB) a Aonach Breisoideachais agus Oiliúna (FET) ó 28-29 Feabhra in Óstán an Radisson Blu i Leitir Ceanainn, ag díriú ar a réimse leathan roghanna breisoideachais agus oiliúna ar fud an chontae.
Ar an Chéadaoin an 28 Feabhra, ó 7in go dtí 9in, beidh an tAonach FET dírithe ar lucht fágála scoile agus a dtuismitheoirí/gcaomhnóirí, treoirchomhairleoirí scoile agus príomhoidí.


Agus líon na bhfágálaithe scoile ag roghnú FET mar chéad rogha ag méadú go seasta, míneoidh an fhoireann go díreach, na buntáistí a bhaineann le FET agus freagróidh siad ceisteanna.
Agus é ag labhairt faoin seisiún tráthnóna an 28 Feabhra, dúirt Stiúrthóir Scoileanna ETB Dhún na nGall, an Dr Martin Gormley, “Tá sé tábhachtach go smaoineoidh mic léinn agus tuismitheoirí ar Bhreisoideachas agus Oiliúint (FET) mar chonair fhéideartha chun cinn.


Tá seisiún oíche Chéadaoine dírithe fosta orthu siúd atá ag obair faoi láthair agus atá ag iarraidh uasoiliúint a fháil. Bhéarfaidh plé painéil eolas ar dheiseanna oiliúna páirtaimseartha saor in aisce nó fóirdheonaithe ó Leibhéil 4-6 nó maidir le hoibrithe ar scileanna ísle nach mbeadh an mhuinín acu glacadh le hathrú san ionad oibre, gan a bheith rannpháirtíocht in oiliúint. Déanfar plé fosta ar Dheiseanna d'Aitheantas Réamhfhoghlama.


Beidh teagascóirí agus comhairleoirí ar fáil le labhairt ar an réimse cuimsitheach deiseanna atá ar fáil ag an ETB, a bhfuil cáilíochtaí ag baint leo, lena n-áirítear QQI, City & Guilds agus teastasú dírithe ar thionscal ar leith a ligeann do mhic léinn a gcéad chéim eile a roghnú.
Is féidir leo siúd a fhreastalaíonn amharc ar thaispeántais scileanna idirghníomhacha agus labhairt le mic léinn reatha le fáil amach go pearsanta cad é mar atá sé le tabhairt faoi chúrsa FET de chuid ETB Dhún na nGall.


"Ba cheart do dhaoine am a chaitheamh ar an 28 agus an 29 Feabhra le fáil amach cad é mar is féidir leis an tSeirbhís FET cuidiú leo dul níos faide maidir lena gcuid scileanna a fhorbairt tríd an réimse leathan roghanna seo atá ar fáil go háitiúil."
Anuraidh, ghlac corr a bheith 14,500 mac léinn páirt i gcúrsaí FET le hETB Dhún na nGall i níos mó ná 100 ionad ar fud an chontae, ag baint leasa as deiseanna chun athoiliúint a fháil, uasoiliúint a fháil, taithí oibre ar an láthair oibre a fháil agus dul ar aghaidh chuig breisoideachas agus ardoideachas.
Coinnigh súil ar chuntais meán sóisialta ETB Dhún na nGall (Facebook, X/Twitter, Instagram agus LinkedIn) leis an eolas is déanaí agus níos mó sonraí a fháil nó gabh i dteagmháil leis an tSeirbhís Treorach agus Eolais do Dhaoine Fásta ar 074 91 78088 nó seol ríomhphost chuig [email protected].