An tráma idirghlúine i ndiaidh Cogadh na gCarad ar TG4

Tráma Teaghlaigh, sraith nuálach ina bhfiosraítear an stair a bhaineann leis an tráma idirghlúine a d'fhulaing sliocht na ndaoine sin a raibh tionchar díreach orthu agus ar mhuintir na hÉireann trí chéile a raibh Cogadh na gCarad ina chúis leis

Craolfaidh TG4 Tráma Teaghlaigh, sraith nuálach ina bhfiosraítear an stair a bhaineann leis an tráma idirghlúine a d'fhulaing sliocht na ndaoine sin a raibh tionchar díreach orthu agus ar mhuintir na hÉireann trí chéile a raibh Cogadh na gCarad ina chúis leis.  

Is iad Tile Media a léirigh an tsraith agus fiosrófar an tionchar a bhí a an gcogadh ar stair Shaorstát Éireann agus ar na glúnta de theaghlaigh ina dhiaidh sin a raibh baint acu leis an gcoimhlint. 

Is insint chumhachtach scéalaíochta cnámh droma na sraithe faisnéise spéisiúla seo ina mbreathnaítear ar shliochtaigh thréimhse réabhlóideach na hÉireann agus ina bhfiosraítear an tráma a d’fhulaing siad mar aon leis na tionchair leanúnacha atá ag an tráma sin ar shaoránaigh na hÉireann. 

Deir Keith Farrell, scríbhneoir agus stiúrthóir na sraithe, go bhfuiltear ag déanamh neamhaird ar thionchar fadtéarmach na ré corraí seo ar na teaghlaigh a bhí páirteach: “Tarlaíonn sé go ró-mhinic go dtaispeántar stair na hÉireann trí shúile rannpháirtithe ollmhóra amhail Micheál Ó Coileáin nó Éamon de Valera. Bhíomar ag iarraidh féachaint ar thionchar fadtéarmach thréimhse Réabhlóideach na hÉireann ar rannpháirtithe nach raibh aithne chomh mór sin orthu agus ar an tionchar a bhí aige sin ar ghlúnta ina dhiaidh sin, bhíomar ag iarraidh aghaidh a thabhairt air sin sa tsraith seo agus na scéalta daonna taobh thiar de na himeachtaí ollmhóra seo a léiriú.”

Trí dhíriú ar stair réabhlóideach na hÉireann agus ar scéalta saoránach idir 1913 - 1923 agus ina dhiaidh sin, féachtar go nuálach sa tsraith ar an tréimhse seo den stair agus ar mar a ndeachaigh sin i bhfeidhm ar na glúnta i dtaobh cúrsaí meabhairshláinte agus folláine intinne. Déanfar amharc ar startha teaghlaigh a tháinig chun cinn tar éis an chogaidh chomh maith.  

Is ábhar ar leith é i stair na hÉireann nach ndéantar aon phlé air, oidhreacht, stair teaghlaigh agus scéalta a bhfuil baint acu le haimsir an chogaidh in Éirinn.

“Leagtar béim sa tionscadal ar an athrú atá tagtha ar dhearcadh cultúir na hÉireann i leith tráma, ag cur eolas an lae inniu maidir le tionchair thráma aimsir an chogaidh i gcomparáid leis an méid a tuigeadh ag tús an fichiú haois”, a dúirt Fiona Kinsella ó Tile Media, léiritheoir na sraithe. “Feicimid mar a mhúnlaigh imeachtaí strusmhara taithí na ndaoine agus mar a múnlaíodh ina dhiaidh sin sochaí agus cultúr na hÉireann.”

Tá míreanna d’agallaimh ón gcartlann nach bhfacthas cheana mar chuid den bhunléiriú 3 X 60 nóiméad seo agus is léir gur léargas suaiteach agus neamhchoitianta a bheidh ann ar an tréimhse chorraitheach le gairid seo i stair na hÉireann.  Is trí agallaimh le leanaí agus garleanaí a dhéanfar cur síos ar an tráma agus ar an tragóid a d’fhulaing na teaghlaigh seo agus ar mar atá sin go léir fós ag imirt tionchair ar an saol céad bliain níos déanaí.

Clár 1 – Díoltas

Fiosraítear dhá ainghníomh ar leith sa chéad chlár; dúnmharú ochtar príosúnach Phoblachtánacha i mBaile Ó Síoda i mí Mhárta na bliana 1923, coir chogaidh a rinne Arm Shaorstát Éireann agus feallmharú Kevin O’Higgins arna dhéanamh ag Poblachtánaigh in 1927 nuair a caitheadh go fuarchúiseach é agus é ar a bhealach ag an Aifreann, ceithre bliana tar éis do Chogadh na gCarad críochnú.  D’fhág an dá mharú seo oidhreacht bhuan den naimhdeas ar thírdhreach polaitiúil na hÉireann ach bhí tionchar ollmhór ag na dúnmharuithe ar theaghlaigh na n-íospartach, rud a d’fhág tráma seanbhunaithe ar na glúnta a tháinig ina dhiaidh sin. Díreofar ar thrí theaghlach sa tsraith, muintir Fuller, O’Connor agus O’Higgins-O’Malley, agus féachfar sa chlár seo ar an gcosán athmhuintearais a ghlac teaghlaigh na n-íospartach agus mar a bhí siad ábalta bogadh ar aghaidh óna dtráma agus leas a bhaint as an méid a tharla dóibh ar mhaithe leis an tsíocháin. 

Clár 2 – Deighilt

Scéal mhuintir Ryan as Tuaim Chúil i Loch Garman a bheith faoi chaibidil sa chlár seo. Bhí muintir Ryan ar cheann de na teaghlaigh ba shuntasaí i dtréimhse Réabhlóideach na hÉireann.  Dírítear sa scannán seo, trí úsáid a bhaint as litreacha féin na dteaghlach ón ré sin, ar an deirfiúr a raibh ról tábhachtach aici in 1916 agus i gCogadh na Saoirse agus mar a scoilt an conradh an teaghlach ina thrí chuid, le beirt de na deirfiúracha i bhfabhar an chonartha, ceathrar eile den chlann i gcoinne an chonartha agus an chuid eile den chlann ag socrú go mbeidís neodrach.  Bhí scéal Ryan le brath in go leor teaghlach eile ar fud na tíre, tír a bhí scoilte ag an gcogadh cathartha.  I ndiaidh Chogadh na gCarad, chuir an teaghlach deireadh leis an easaontas a bhí eatarthu agus tháinig siad ar ais le chéile.  Taispeánfar sa chlár seo an chaoi a raibh siad ábalta deireadh a chur leis an scoilt sin. 

Clár 3 – Díomá

Faraor, ní hí an Éire a theastaigh ó go leor díobh sin a throid sa tréimhse Réabhlóideach a tháinig chun cinn, agus gan aon aird á tabhairt ag rialtais a bhí i gcumhacht ina dhiaidh sin ar go leor de na gealltanais a tugadh i bhForógra 1916. Díreofar sa chlár seo ar theipeadh Réabhlóid na hÉireann agus ar an tráma agus oidhreacht a chrá an lucht troda agus a dteaghlaigh sna cianta i ndiaidh deireadh a bheith leis an Réabhlóid. Is scéal é seo faoin imirce, príosúnacht, meabhairghalar, agus naimhdeas a bhí ag dul le críoch Chogadh na gCarad agus cruthú Shaorstát nua na hÉireann. Díríonn sé ar an méid a tharla do theaghlaigh Briscoe, Dalton, Mallin agus MacSwiney.  

Cuirfear tús le Tráma Teaghlaigh Dé Céadaoin an 31 Bealtaine ag 9.30pm ar TG4 agus mairfidh sé trí seachtaine.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice