An líon is airde básanna ar na bóithre le blianta

placeholder image

Maraíodh 184 duine ar bhóithre na hÉireann in 2023, de réir figuirí ón Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre.

Léiríonn na figiúirí a foilsíodh inniu go bhfuil méadú de 19% tagtha ar bhásanna ar bhealtaí na hÉireann i gcomparáid le na bliana anuraidh, 2022.

Dúirt Cathaoirleach Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre, Liz O'Donnell go bhfáiltíonn sí róimh an polasaí ceamaraí a úsáid ar bhealtaí na tíre - gníomh, a dar léi, a bheas tús áite tugtha do i mbliana. 

Bhásaigh 69 duine a bhí ag tiomaint feithiclí i 2023 agus bhásaigh 44 duine a bhí amuigh ag siúl san tréimhse cheanna. 

Don 184 duine a bhásaigh ar na bóithre anuraidh ba fir iad ar an chuid ab mhó; 78% dóibh súid a bhásaigh fir iad. Maraíodh 40 bean chomh maith. 

Tharlaigh formhór na dtaismí idir a 8an agus 8 a chlog. 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice