Focás ar an nasc idir ealaíontóir agus áit in Omós Áite

Waves crash over Creevy Pier. PHOTO: Thomas Gallgherplaceholder image
Waves crash over Creevy Pier. PHOTO: Thomas Gallgher

Tugann Ailbhe Ní Ghearbhuigh cuairt ar Áine Uí Fhoghlú i Rinn Uí gCuanach, i gContae Phort Láirge

Scrúdaítear an nasc idir ealaíontóir agus áit sa chlár taistil seo leis an léachtóir agus an file Ailbhe Ní Ghearbhuigh. 

Ceol na farraige, casadh na muileann, agus fuaim na gaoithe atá le cloisteáil sa chlár seo ina dtugann Ailbhe cuairt ar Áine Uí Fhoghlú i Rinn Uí gCuanach, i gContae Phort Láirge.

Tugann siad cuairt ar an gcladach agus ar Cheann Heilbhic, agus pléitear ról na bádóireachta sa phobal, contúirt na farraige, athrú aeráide agus an ról atá ag logainmneacha áitiúla inár dtuiscint ar an timpeallacht ina maireann daoine, téamaí atá le brath go láidir ar shaothair a roinneann Áine linn agus muid ag gluaiseacht tríd an cheantar.

Léiríodh an tsraith seo le maoiniú ón Scéim Fís agus Fuaim de chuid Choimisiún na Meán. 

Beidh an clár ar Raidió na Gaeltachta Dé Céadaoin, Deireadh Fómhair 25. 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice