An Coimisinéir agus an tAire Dlí agus Cirt le dhul ós comhair coiste

Buses buring in the shadow of the Irish patriot Daniel O'Connellplaceholder image
Buses buring in the shadow of the Irish patriot Daniel O'Connell

Níl aon mhuinín ag ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, as an gCoimisinéir Drew Harris ná as an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee.

Tugadh cuireadh do Choimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris, agus an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, theacht ós comhair coiste mar gheall ar na círéibeacha a tharla i lár Bhaile Átha Cliath, an tseachtain seo caite. 

Rinneadh go leor damáiste i gcroi na cathrach le linn na gcíréibeacha - dódh bus, tram agus carr do chuid na ngardaí. Rinneadh go leor gadaíochta chomh maith fhad agus a bhí an chathair trína chéile.  

Thug an Taoiseach Leo Varadkar le fios go raibh uchtach aige as Coimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris, ach dúirt sé go gcaithfear athbhreithniú a dhéanamh ar chúrsaí.

Dúirt ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, nach raibh múinín aici as an gCoimisinéir Harris ná as an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee. Dúirt sí gur chóir don bheirt acu éirí as oifig de bharr na gcíréibeacha. 

Dúirt Helen McEntee nach bhfuil lá iomrá aici éirigh as a cúram. D'aontaigh an tAire Helen Humphreys léi ag rá gur bhfearr a bheith ag plé cúrsaí reachtaíochta lastigh don Dáil faoi cheamaraí a bheith a chaitheamh ag gardaí, agus a léithidí, in áit a bheith ag caitheamh anuas ar dhaoine. 

Dúirt sí nach raibh rud ar bith le gnódh as rúin mímhúinine. 

Beidh Coimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris, agus an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee ag dul ós comhair an coiste Dé Ceadaoine. 

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice