An bhua le Pobalscoil Chorca Dhuibhne ag an gComórtas Náisiúnta do Fhiontraithe Óga Gaeltachta

Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta ag labhairt le scolairíplaceholder image
Tomás Ó Síocháin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta ag labhairt le scolairí

B’iad Crainn Chruthaitheacha as Pobalscoil Ghaoth Dobhair a bhuaigh an duais as an margaíocht a b’fhearr, as a dtáirge d’earraí tís a bhaineann úsáid as ábhar athchúrsáilte

B’é an togra Soláthraí Spóirt, togra de chuid fhoireann as Pobalscoil Chorca Dhuibhne a bhain amach an chraobh inniu ag babhta ceannais Chlár na gComhlachtaí a reáchtáladh in Óstán Chois Fharraige sna Forbacha i gConamara - beidh an fhoireann bhuacach ag déanamh ionadaíochta thar ceann na hÉireann ag an gCraobh Eorpach den Chlár Junior Achievement a bheas ar bun in Istanbul na Tuirce i mí Iúil.

Ba dearadh ar leith do stocaí spóirt, ina bhfuil póca speisialta do chosaint béil, an táirge a bhí ag an bhfoireann bhuacach.

Bhuaigh Anseo Anois, togra de chuid Scoil Phobail Charna, an gradam nuálaíochta, as togra a leagan béim ar thacaíocht agus treoir do dhaoine le fadhbanna meabhairshláinte.

B’iad Crainn Chruthaitheacha as Pobalscoil Ghaoth Dobhair a bhuaigh an duais as an margaíocht a b’fhearr, as a dtáirge d’earraí tís a bhaineann úsáid as ábhar athchúrsáilte.

Is taithí phraiticiúil ghnó atá i gClár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta atá á fhorbairt agus á sheachadadh ag Údarás na Gaeltachta i gcomhair le Junior Achievement Ireland (JAI) i scoileanna dara leibhéal i gceantair Ghaeltachta.

Bhí  breis agus 600 dalta as an idirbhliain i gceantair Ghaeltachta páirteach i mbliana agus chuir siad dua orthu féin a ngnó féin a chruthú, a reáchtáil agus a bhainistiú. Tugann an clár iliomad deiseanna chun scileanna tábhachtacha gnó, acadúla agus ceannaireachta a fhorbairt agus a threisiú, scileanna a bheidh fíorluachmhar amach anseo. 

Dúirt Tomás Ó Síocháin Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta: “Bhí sé iontach glúin óg fiontraithe a fheiceáil ag Craobh Náisiúnta de Chlár na gComhlachtaí Údarás na Gaeltachta. Bhí tograí uaillmhianacha, samhlaíocha ar taispeáint anseo inniu a léiríonn go bhfuil an fhiontraíocht go láidir i measc na n-óg sna  ceantair Ghaeltachta. 

"Tá Údarás na Gaeltachta an-bhródúil go bhfuilimid ag cur na fiontraíochta chun cinn i scoileanna na Gaeltachta, le tacaíocht ó JAI agus ó mhúnteoirí na scoileanna féin. Tá mé cinnte go mbeimid ag feiceáil na bhfiontraithe óga níos minice amach anseo. Comhghairdeachas leis na daltaí ar fad a ghlac páirt agus tá muid cinnte go n-éirí go geal leis an bhfoireann bhuacach in Istanbul.” 

Dúirt Helen Raftery, Príomhfheidhmeannach Junior Achievement Ireland:“B’iontach díograis agus cumas na ndaoine óga seo a fheiceáil inniu agus cruthúnas a fháil arís eile ar bhuntáistí an chláir seo agus an taithí phraiticiúil a thugann sé do dhaoine óga ar fud na Gaeltachta. Ba mhaith linn ár mbuíochas a léiriú do Údarás na Gaeltachta as a dtacaíocht leanúnach agus freisin ár mbuíochas a ghabháil leis na múinteoirí agus meantóirí gnó  a thacaíonn le forbairt bhua na fiontraíochta sna micléinn. Comhghairdeachas ó chroí le gach foireann a bhí páirteach agus go háirithe leis na buaiteoirí, Soláthróirí Spóirt as Pobalscoil Chorca Dhuibhe a bheas ag dul ar aghaidh go Comórtas Comhlacht na Bliana JA na hEorpa 2023 in Istanbul."

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice