An bhua le 'Is ar Laochra Gael - Terence McNaughton' ag na gradaim


Is ar Laochra Gael - Terence McNaughton (Nemeton TV) a bronnadh an duais don chlár spóirt is fearr ag Gradaim Theilifíse RTS
Is ar Laochra Gael - Terence McNaughton (Nemeton TV) a bronnadh an duais don chlár spóirt is fearr ag Gradaim Theilifíse RTS ar na mallaibh. Tugann na gradaim seo aitheantas don bharr feabhais agus na gaiscí a baineadh amach in earnáil teilifíse na hÉireann.
Tá ríméad ar TG4 go bhfuil an clár seo tar éis dul i bhfeidhm ar phainéal moltóirí na ngradam. Bíonn iomaíocht an-ghéar sa chatagóir spóirt i gcónaí agus is iontach an t-éacht atá déanta ag foireann Nemeton TV a bhfuil a gceanncheathrú acu i nGaeltacht Phort Láirge.
Fógraíodh na buaiteoirí ar fad tráthnóna, Dé Máirt, M árta 28, ag ócáid in Óstán an Galmont i gCathair na Gaillimhe. Is iad Caitlín Nic Aoidh agus Cormac Ó hEadhra a chuir an ócáid i láthair agus bhí na ceoltóirí Mick Flannery agus Susan O’Neill agus an grúpa Bláth na hÓige ag ceol.
Is iad TG4 a reáchtáil oíche mhór na nGradam i mbliana.Is é an t-iománaí Terence McNaughton as Aontroim a bheidh faoi chaibidil ar an gclár seo. Tugadh drochíde do McNaughton nuair a bhí sé óg agus is minic é a bheith fágtha ar lár de bharr go raibh stad ina chuid cainte. Fuair sé faoiseamh ar pháirc na himeartha, ach bhí saol fíorchrua ag iománaithe sa Tuaisceart sna hochtóidí. De bharr go raibh cáil mhór air ina imreoir, rinne an UDA iarracht é a mharú. Mar sin féin, ba é McNaughton cnámh droma na foirne sin a bheidh i mbéal an phobail go brách mar gheall ar an gcroitheadh a bhain siad as stair na gCluichí Gaelacha.
Dúirt Ceannasaí Spóirt TG4 Rónán Ó Coisdealbha: “Déanann muid comhghairdeas mór le foireann Nemeton agus le gach duine a bhíonn páirteach i sraith Laochra Gael as ucht an gradam seo a bhuachan. Tá an sraith Laochra Gael mar chuid lárnach de sceideal TG4 ó 2001 agus scéalta spóirt is beatha breis agus 180 duine curtha os ár gcomhair.”
Cliceáil anseo don chlár ar sheinnteoir TG4.
Tá craoltóirí Éireannacha TG4, Virgin Media, Sky agus RTÉ ag tacú leis na gradaim RTS agus tá urraíocht curtha ar fáil ag Fís Éireann, Coimisiún na Meán agus Léiritheoirí Scáileáin na hÉireann.
Is iad Nemeton TV, Egg Post Production, Screenscene, Ardán, Imro, Piranah Bar, Camerakit Ireland, Windmill Lane agus TVM a rinne urraíocht ar na catagóirí éagsúla.