An Bhaintreach ar an stáitse i Rann na Feirste an deireadh seachtaine seo

Tá na haisteoirí agus an criú ag ullmhú agus ag cleachtadh d'oíche Shatharn nuair a thiocfaidh An Bhaintreach chun stáitse san Áislann i Rann na Feirste.
Beidh na doirse ag oscailt ag 7:30 agus soláistí ar fáil agus beidh an béar ar oscailt.
Beidh roinnt buaiteoirí ón oireachtas le cloisteáil ag tús na hoíche ina measc súid beidh Clíona Ní Ghallchoir as Mín a'Chladaigh agus Niamh Ní Dhubhgáin de bhunadh oileán Thoraigh. D'éirigh leo beirt duais speisialta a bhaint amach i gcomórtas an lúibín.
Beidh ceol a chur ar fáil ag Seosamh, Seosamh Óg, Cillian agus John Michael chomh maith le tús bríomhar a chur leis an oíche.
Beidh ceol ar siúl i ndiaidh an dráma fosta. Tá na ticéid ag diol go gasta.
Is féidir ticéad a cheannacht ar Facebook Áislann Rann na Feirste.