Amach leis an airgead agus isteach leis an gcárta

placeholder image

NÍ IOMPRAÍONN duine as gach cúigear in Éirinn airgead tirim ar bith agus iompraíonn beagnach aon trian díobh €20 nó níos lú.

Sin de réir suirbhé nua a rinne Royal London Ireland, ceann de na cuideachtaí árachais saoil agus pinsin is mó le rá in Éirinn.

Ina theannta sin, is dóichí nach n-iompróidh fir (24%) airgead tirim riamh ná mná (16%).

Díobh siúd a iompraíonn airgead tirim, áfach, bíonn claonadh ag fir méideanna níos airde a iompar orthu ná mná.

Fuarthas amach i suirbhé Royal London Ireland, a scrúdaigh úsáid airgid thirim ag daoine in Éirinn, gurbh iad na cúig chúis ba mhó a raibh airgead ag teastáil ó dhaoine go rialta ná chun íoc as earraí beaga grósaeireachta laethúla ar nós bainne agus arán, chun soláthraithe seirbhíse ar fearr leo airgead tirim a íoc, chun ceannaigh lón nó caife beir leat nó tae, le leideanna a thabhairt  agus le tabhairt do charthanacht.

I measc buaicphointí eile ón suirbhé tá go n-iompraíonn beagnach duine as gach cúigear níos mó ná €100 go rialta.

Is cosúil gurb iad daoine i gCúige Laighean is lú seans airgead a iompar.

Deir duine as gach ceathrar i mBaile Átha Cliath agus beagnach trian de na daoine sa chuid eile de Chúige Laighean nach n-iompraíonn siad airgead tirim riamh.

I gcodarsnacht leis sin, ní iompraíonn ach duine as gach deichniúr a bhfuil cónaí orthu i gCúige Uladh agus i gCúige Chonnacht airgead tirim riamh.

Dúirt 50% de dhaoine idir 18-24 bliana d’aois nach n-iompraíonn siad airgead tirim riamh, agus níor dúirt ach 10% de dhaoine 55 bliana d’aois nó níos sine an rud céanna.

Ag tagairt dó ar thorthaí an tsuirbhé, dúirt Barry McCutcheon, Ceannaire Tairiscintí ag Royal London Ireland; "Tá méadú tagtha ar íocaíochtaí gan airgead tirim in Éirinn le blianta beaga anuas, agus mar sin ní haon ionadh é líon na ndaoine a iompraíonn fíorbheagán airgid, nó aon airgead ar bith.

"In ainneoin nádúr digiteach chóras baincéireachta agus íocaíochta na hÉireann le blianta beaga anuas, is féidir linn a fheiceáil ó thorthaí an tsuirbhé go bhfuil ról tábhachtach fós ag airgead tirim i sochaí agus i ngeilleagar na hÉireann, agus go leor daoine ag brath air agus iad ag dul i mbun a gcuid oibre ó lá go lá.

"Tá sé seo cothromaithe le suirbhé ón mBanc Ceannais Eorpach in 2022 a léirigh gur in airgead tirim a bhí formhór (54%) idirbhearta in-siopa tomhaltóirí na hÉireann."

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice