Aitheantas a thabhairt do Chlannad as an ardán a thugann siad don Ghaeilge


Sparánacht úr d’ealaíontóir Gaeltachta le bronnadh mar gheall ar an ardán a thug Clannad don Ghaeilge
Reáchtálfaidh Údarás na Gaeltachta ócáid in ómós don bhanna ceoil iomráiteach as Gaeltacht Thír Chonaill, Clannad i dTeach Leo inniu.
Thug an grúpa túsáite don teanga, ar chultúr agus ar dhúchas na Gaeltachta thar na mblianta.
Ó bhunaigh Pádraig agus Noel Ó Dúgáin agus Pól, Ciarán agus Máire Uí Bhraonáin an banna ceoil Clannad i 1970, tá cliú agus cáil bainte amach acu ar fud an domhain agus gradaim go leor bainte amach acu, dámhachtain Grammy, BAFTA, agus Ivor Novello ina measc.
Mar chomhartha ómóis don ghrúpa agus le ceiliúradh a dhéanamh ar an tionchar a bhí acu ar chúrsaí Gaeilge, tá Údarás na Gaeltachta ag bronnadh sparánacht ar fiú €30,000, €10,000 sa bhliain thar 3 bliana, le cuidiú le healaíontóir Gaeltachta forbairt a dhéanamh ar shaothar úr trí mheán na Gaeilge.
Dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Tomás Ó Síocháin: “Thug Clannad an ceol, na hamhráin agus an Ghaeilge chuig ardáin dhomhanda agus is iomaí duine ar fud na cruinne a spreagadh agus a d’fhoghlaim Gaeilge dá bharr tiomantais an ghrúpa don teanga agus don chultúr trí chéile.
"Ní amháin sin, ach spreag siad mórtas i bpobal na Gaeltachta ina dteanga agus a n-oidhreacht féin. Is údar bróid dúinn ar fad iad. Tá lúcháir orainn go bhfuil an deis againn an bród agus an buíochas sin a léiriú inniu, agus tacaíocht a thabhairt d’ealaíontóir Gaeltachta eile tríd an sparánacht atá á fhógairt againn.”