Aistear trí cheol, trí chultúr agus trí litríocht na Gaeilge ar BBC


An samhradh seo, beidh BBC Gaeilge ag tabhairt a lucht éisteachta ar aistear trí cheol, trí chultúr agus trí litríocht na Gaeilge le lear mór cláir, inneachar, agus craoltaí seachtracha úra ar BBC Sounds agus ar BBC Raidió Uladh/Feabhail.
Thar mhíonna an tsamhraidh, beidh BBC Gaeilge ag ceiliúradh an chuid is fearr de cheol traidisiúnta na hÉireann beo ag Fleadh Uladh, ag aimsiú nádúr uathúil na n-ocht ‘gCeathrú’ i mBéal Feirste agus ag leanúint aistear scríbhneoir óg agus é fiosrú an tráma idirghlúine tríd an scríbhneoireacht chruthaitheach.
Beidh sraith úr raidió de Trad ar Fad! ann ó Féile Idircheilteach Lorient fosta, chomh maith le sraith úr ceithre chuid ina mbeidh láithreoir úr ag díriú ar thraidisiún sin na hamhránaíochta ar an tsean-nós. Leanfaidh Blas Ón Taobhlíne leis ag coinneáil na mórscéalta go léir i saol an spóirt leis na héistoirí agus leanfaidh Blas Ceoil ar aghaidh i rith an tsamhraidh agus Caoimhe Ceol ag óstáil aoicheoltóirí. Cuirfidh an láithreoir Caoimhe Chats Ní Chathail sraith úr Blas: An Sár-Sheinnliosta inár láthair i mí Iúil, tráth a mbeidh sí ag fionnadh a sár-sheinnliostaí óna cuid aíonna. Fillfidh sí le sraith úr de Ceol sa Chroí i mí Lúnasa sula mbeidh an ceiliúradh 25 bliana ag Blas san Fhómhar.