Agallamh poiblí le Mícheál Ó Ruairc agus Bríd Ní Mhóráin i gcomhrá le Micheál Ó Conghaile

Beidh an ócáid ar siúl Dé hAoine, 26 Aibreán, 2024 ó 4in ar feadh timpeall 60 nóiméad
Beidh na scríbhneoirí Mícheál Ó Ruairc & Bríd Ní Mhóráin i gcomhrá le Micheál Ó Conghaile ar ábhar an Dinnseanchais - The Lore of Places.
Seo tionscadal ar cuireadh tús leis dornán blianta ó shin le nasc a chruthú idir scríbhneoirí Gaeilge Gaeltachta as Éirinn agus scríbhneoirí Māori na Nua-Shéalainne chun iniúchadh a dhéanamh ar an dinnseanchas: miotais, an tírdhreach, an béaloideas agus an stair choilíneach atá coitianta inár gcultúir éagsúla agus mar a thagann na gnéithe sin chun cinn ina saothar cruthaitheach scríbhneoireachta.
Cuireadh tús leis in 2021, agus tá seisear scríbhneoir coimisiúnaithe go dtí seo ag an tionscadal seo chun a gcleachtas a roinnt agus saothar nua a fhorbairt. Is é seo an tríú céim den tionscadal, agus beidh saothar cruthaithe ag Mícheál O Ruairc agus Bríd Ní Mhorain mar chuid de.
I gcomhpháirtíocht le hEalaín na Gaeltachta, Cló Iar-Chonnacht agus WORD Christchurch.
Beidh an ócáid ar siúl in An Taibhdhearc, Gaillimh agus tá ticéid ar fáil anseo.