Ag tnúth go mór le Comórtas Peile na Gaeltachta i nDún na nGall


Beidh cluichí ar siúl ar na Méilte, i nGaoth Dobhair agus ar an Chlochlán Liath inniu i gComórtas Peile na Gaeltachta, agus coinneoidh foireann spóirt RTÉ Raidió na Gaeltachta eolas leis na héisteoirí ar feadh an lae ón 11 am ar maidin nó go mbuailfear an cic deireanach ar an liathróid anocht.
Níl fagtha ach seachtain go dtiocfaidh na himreoirí agus a lucht tacaíochta chun ceantair agus tá na hullmhucháin faoi lán seoil ag an am seo.
Beidh Cailin Gaelach le roghnú le linn na hócáide chomh maith. Is cinnte go mbeidh neart craic, ceol agus cultúr sna ceantair Gaeltachta le linn na hócáide.
Bígí ag éisteacht le Raidió na Gaeltachta Dé Sathairn, Meitheamh 3.