Achomharc sábháilteachta uisce eisithe don deireadh seachtaine saoire bainc

Clogherhead RNLI to name €2.5m lifeboat funded by farmer and named in memory of friendplaceholder image
Clogherhead RNLI to name €2.5m lifeboat funded by farmer and named in memory of friend

TÁ ACHOMHARC sábháilteachta uisce eisithe ag an nGarda Cósta, an RNLI agus Sábháilteacht Uisce Éireann do Shaoire Bainc na Bealtaine

De réir mar a thagann feabhas ar an aimsir, beidh níos mó daoine rannpháirteach i ngníomhaíochtaí cósta agus uisce-bhunaithe.

Deir na trí eagraíocht, cé go bhfuil na gníomhaíochtaí seo taitneamhach, gur cheart iad a phleanáil i gceart.

Toisc go bhfuil alcól ina fhachtóir a chuireann leis an tríú cuid de na bá in Éirinn, tá siad ag achainí freisin ar an bpobal fanacht amach ó uiscebhealaí má tá alcól ólta.

Má bhíonn tú amuigh ar bhád, nó ar árthach uisce eile, caith seaicéad tarrthála, bíodh modh iontaofa cumarsáide agat le fón póca cúltaca.

Cinntigh go n-insíonn tú do dhuine cá bhfuil tú ag dul agus cathain a bheartaíonn tú a bheith ar ais.

Tá Micheál O’Toole ón nGarda Cósta ag meabhrú do chách gur gá an aimsir agus na taoidí a sheiceáil roimh dhul amach ar an uisce nó cuairt a thabhairt ar an gcósta.

Dúirt Roger Sweeney, Leas-Phríomhfheidhmeannach ar Shábháilteacht Uisce Éireann, "ba cheart go mbeadh snámhóirí ar an eolas faoi shruthanna atá ina gcontúirt ar ár dtránna."

“Má fheiceann tú duine i dtrioblóid ar an uisce nó ar an gcósta, nó má cheapann tú go bhfuil siad i dtrioblóid, glaoigh ar 112 nó úsáid raidió VHF CH 16 agus iarr ar an nGarda Cósta,” a dúirt Killian O’Kelly, ón RNLI.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice