Achainí i dtaca le sábháilteacht uisce an deireadh seachtaine bainc seo

placeholder image

D’eisigh an Garda Cósta, an RNLI agus Sábháilteacht Uisce Éireann comhachomharc sábháilteachta uisce achainní, an deireadh seachtaine saoire bainc Cásca seo, ag iarraidh ar dhaoine roinnt réamhchúraimí bunúsacha a ghlacadh chun fanacht sábháilte nuair a thugann siad cuairt ar an gcósta nó nuair a ghlacann siad páirt i ngníomhaíochtaí uisce, cósta nó intíre.

Agus na tráthnónta ag éirí níos gile agus an aimsir ag dul i bhfeabhas, táthar ag súil go n-éireoidh níos mó daoine amach ar an uisce. 

Beidh taoidí earraigh ann le linn an deireadh seachtaine seo, rud a chiallaíonn go mbeidh leibhéil uisce níos airde ná mar a bhíonn de ghnáth ag lán mara. D’fhéadfadh sé seo cur leis an mbaol go ngearrfar as an taoide agus iarrtar ar dhaoine a bheith aireach roimh thuras a phleanáil.

Iarrann na heagraíochtaí ar an bpobal, má thugann siad cuairt ar an gcósta nó dul isteach san uisce: Seiceáil an aimsir agus na taoidí i gcónaí, bíodh modh iontaofa agat chun an t-aláram a ardú (i.e. guthán nó raidió VHF), inis do dhuine éigin cá bhfuil tú ag dul agus cén t-am a bheidh tú ar ais, caith Gléas Snámhachta Pearsanta oiriúnach don uisce agus a bheith airdeallach ar thaoidí.

Má tá tú ag snámh, tá teocht an uisce fuar go foill ag an am seo den bhliain, smaoinigh ar chulaith fhliuch a chaitheamh le fanacht te, caipín snámha geal a chaitheamh agus snámhphointe barrach a mheas chun do infheictheacht a mhéadú, ná bí ag snámh leat féin agus cinntigh i gcónaí go bhfuil do ghníomhaíocht á monatóireacht ag comhghleacaí.

Má tá tú ag cadhcáil, ag curachóireacht nó ag dul ar bord lofa, bíodh bealach agat i gcónaí glaoch ar chabhair agus cinntigh go bhfuil tú in ann teacht air agus tú amuigh ar an uisce, inis do dhuine éigin cá bhfuil tú ag dul agus cén t-am a bhfuil tú ag súil le filleadh agus caith seaicéad tarrthála. Seiceáil réamhaisnéis na haimsire agus coinníollacha na farraige i gcónaí sula n-imíonn tú.

Go le grúpa nuair is féidir. Má tá tú ag ann áit inteacht úr, lorg eolas ó mhuintir na háite.

D'impigh Bainisteoir Oibríochtaí Gharda Cósta na hÉireann Micheál O’Toole ar dhaoine gan snámh i d’aonar agus má tá bád nó cadhc a úsáid agat, cuir in iúl do dhuine go bhfuil tú amuigh agus cá huair a bheas tú ar ais. 

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice