Achainí i dtaca le sábháilteacht ar bhóithre an deireadh seachtaine baince seo

De réir na ngardaí, ba thiománaithe iad 60% de na básanna go dtí seo i mbliana.placeholder image
De réir na ngardaí, ba thiománaithe iad 60% de na básanna go dtí seo i mbliana.

Tá na Gardaí Síochána agus an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre ag déanamh achainí ar dhaoine fanacht sábháilte ar na bóithre an deireadh seachtaine baince seo. 

Beidh níos mó daoine ag tiomaint ar bhóithre na tíre an deireadh seachtaine seo agus deir Coimisinéir Cúnta na ngardaí, Paula Hilman, go méadaíonn an baol mar gheall ar an mhéadú seo. 

"I mbliana, go dtí seo bhí fíche bás ar na bóithre. Táimid ag iarraidh ar gach duine oibriú le chéile chun ár mbóithre a choimeád sábháilte an deireadh seachaine seo," a dúirt sí.

Beidh na gardaí ag díriú ar tiomáint faoi thionchar, luas, criosanna sábhála agus ag baint úsáid as fón póca.

Dúirt an tUasal Sam Waide, POF, an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre: "D’fhéadfadh laghdú 30% ar imbhuailtí marfacha a bheith mar thoradh ar laghdú 5% ar an meánluas."

Bhásaigh 18 duine ar bhóithre na hÉireann le linn Eanáir 2023. Seo líon na marbh is mó ar Bhóithre na hÉireann i mí Eanáir ó 2013. 

Anuraidh, 2022, fuair 156 duine bás ar bhóithre na hÉireann, an líon is mó ó 2016.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice