Achainí i dtaca le sábháilteacht ar bhóithre an deireadh seachtaine baince


Iarrtar ar dhaoine a bheith sabháilte an deireadh seachtaine baince seo
Tá na Gardaí Síochána agus an tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre ag déanamh achainí ar dhaoine tiomáint go sábháilte ar bhóithre na tíre, an deireadh seachtaine baince seo.
Táthar ag súil go mbeidh níos mó daoine ag tiomaint ar bhóithre na tíre amach anseo, le linn deireadh seachtaine baince na Cásca.
Beidh na gardaí ag díriú ar thiomáint faoi thionchar, luas, criosanna sábhála agus ag baint úsáid as fón póca ag an róthar.
Fuair 18 duine bás ar bhóithre na hÉireann le linn mí Eanáir 2023 - an líon is mó i mí Eanáir ó 2013.
Anuraidh, 2022, fuair 156 duine bás ar bhóithre na hÉireann, an líon is mó daoine ó 2016.