Achainí i dtaca le sábháilteacht ar bhóithre an deireadh seachtaine bainc seo


Iarrtar ar dhaoine gan tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí
Tá achomharc sábháilteachta ar bhóithre á eisiúint ag an nGarda Síochána agus an deireadh seachtaine Saoire Bainc ar na bacáin.
Táthar ag tuar go mbeidh líon níos airde daoine ag tiomáint ar bhealtaí na tíre an deireadh seachtaine seo agus mar gheall ar seo go mbeidh baol níos mó ann go mbeidh timpistí ann.
Iarrtar ar thiománaí tiomáint ag luas níos ísle agus gan tiomáint faoi thionchar an óil nó drugaí. Iarrtar ar dhaoine a bheith airdeallach an maidin dár gcionn, chomh maith. Táthar ag impí ar dhaoine gan a bheith ag úsáid fón agus iad ag tiomáint.
Beidh gardaí ar na bóithre ag an deireadh seachtaine agus beifear ag diriú ar luas thiománaí.