Achainí déanta an athuair ag gardaí le haghaidh fhaisnéis ar chás gan réiteach

Tá gardaí ag lorg eolais ar Fiona Sinnot a chuaigh ar iarraidh fíche agus a cúig bliain ó shin ar Feabhra 8, 1998.

Bhí Fiona ina chónaí ag Baile Shiota, Gráinseach Iúir, Co. Loch Garman. Bhí iníon óg aici. 

Ar an Domhnach, Feabhra 8, 1998, bhí Fiona Sinnott i dTeach Tábhairne de Buitléir, Gráinseach Iúir. D'fhág sí Teach Tábhairne de Buitléir thart ar an mheán oíche. Ba é seo an uair deireannach a chonacthas Fiona deirtear.

Ní dhéarnadh duine ar bith a cúisiú go dtí seo maidir leis an chás.

Creideann gardaí go bhfuil eolais ag daoine sa cheantar maidir leis an chás. 

Má tá eolas agat is féidir scairt a chur ar na gardaí i Loch Garman.

Is féidir leat scairt a chur ar na gardaí agus ní gá duit d'ainm a thabhairt ar 1800 666 111.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice