Abair Amhrán-atón i gcuimhne ar an Chairdinéal Tomás Ó Fiaich

placeholder image

Beidh tráthnóna ceoil don chéad scoth ag tarlu in Áras Uí Fhiaich in Iúr Chinn Trá ar an Domhnach, 15ú Deireadh Fómhair, nuair a dhéanfar na hamhráin as an leabhar Abair Amhrán a cheol. 

Beifear ag déanamh iarracht gach amhrán sa leabhar a cheol ó thús deiridh mar chineál Abair Amhrán-atón. 

Is iomai duine atá an leabhar ar an tseilf sa bhaile acu agus is ann a thángthas ar go leor amhráin don chéad chomórtas ceoil ina raibh daoine páirteach. Iad seo a tháinig go dtí an Ghaeltacht le Gaeilge a fhoghlaim is ann a fuair siad neart ceoil agus craic.  

Táthar ag eagrú an lá ceoil i gcuimhne ar an Chairdinéal Tomás Ó Fiaich.

Is féidir ticéid a fhail don ócáid at https://www.eventbrite.com/.../abair-amhran-aton-tickets...

Beidh an ócáid ar siúl idir 3 agus 8 a chlog ag Áras Uí Fhiaich, Drumalt Road, Coilleach Eanach/ Cullyhanna, Iúr Cinn Trá, BT35 0JH.

Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice