50ú Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach a reachtáil i gCeatharlach


Is í príomhsprioc na Comhairle Idirnáisiúnta Pan Ceiltigh, a bunaíodh sna luathseachtóidí, ná oidhreacht, teanga, cultúr, ceol agus amhránaíocht i measc na dtíortha Ceilteacha, Éire, Alba, Cymru, Mannin, Kernow agus Breizh, a chur chun cinn agus a neartú
D’fhógair an Chomhairle Idirnáisiúnta Pan Cheilteach ar na mallaibh go mbeidh an 50ú Féile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach á reáchtáil i mbaile Cheatharlach um Cháisc an bhliain seo chugainn, Aibreán 2 - 6.
Is í príomhsprioc na Comhairle Idirnáisiúnta Pan Ceiltigh, a bunaíodh sna luathseachtóidí, ná oidhreacht, teanga, cultúr, ceol agus amhránaíocht i measc na dtíortha Ceilteacha, Éire, Alba, Cymru, Mannin, Kernow agus Breizh, a chur chun cinn agus a neartú le linn an fhéile bhliantúil chomh maith le turasóireacht, trádáil, tráchtáil Idir-Cheilteach a spreagadh agus gréasánaíocht Idir-Cheilteach a éascú agus a fhorbairt.
Is léiriú é clár na féile ar ealaíon, ar chultúr agus ar theangacha na náisiún Ceilteacha go léir. Bíonn réimse leathan imeachtaí ar siúl lena n-áirítear ceolchoirmeacha, comórtais taibhealaíona, ceardlanna, seisiúin, taispeántais, clubanna na féile, Paráid na Féile agus go leor imeachtaí imeallacha eile. Ar ndóigh, eagrófar roinnt imeachtaí comórtha 50 Bliain mar chuid d’fhéile 2024.
Coinnigh súil ar an suíomh idirlíon www.panceltic.ie chun an nuacht is déanaí a fháil faoin bhféile.