2023 an bhliain is teo le 124 bliain


Bhí go leor gréine agus baisteach ag muintir na hÉireann anuraidh
Tá sé ráite ag Met Éireann gurbh í 2023 an bhliain is teo ar thaifead.
Ina thuarascáil bhliantúil, dúirt Met Éireann go raibh 2023 níos teo nó 2022. Bhí teocht na hÉireann ar an mheán níos teo nó 11c le linn na bliana.
Táthar ag coinneál taifead don aimsear in Éirinn le 124 bliain.
Bhí mí an Mheithimh is teo ag muintir na hÉireann i 2023 nó mar a bhí le 124 bliain - ar an chaoí céanna bhí níos mó baisteach le linn mí Mhárta anuraidh nó mar a bhí san achar ama céanna.