Search

06 Sep 2025

BÉALBHINN - Acmhainn úr oideachais ó TG4 Foghlaim agus COGG

BÉALBHINN - Acmhainn úr oideachais ó TG4 Foghlaim agus COGG

Sraith úr foghlama é Béalbhinn arna léiriú ag MOC2 chun tacú le scoláirí atá ag tabhairt faoin tSraithShinsearach agus faoin scrúdú Gaeilge A2. 

Iniúchadh ar dhomhan bríomhar éagsúil na ndaoine óga cumasacha seo a bhfuil Gaeilge acu atá sa tsraith úr seo le Micheál Ó Ciaraidh do TG4 Foghlaim/COGG. Labhróidh Micheál le Louise Cantillon, Caoimhe Ní Chathail, Donncha Ó Murchú, Tessa Flemming, Jamie Ó Flannúra, Séaghan Ó Suilleabháin mar aon le haíonna eile sa tsraith 12-mír seo. 

Clúdaítear réimse ábhair idir fhaisean agus cheol, cúrsaí polaitíochta, an saol ar líne, cúrsaí spóirt agus cultúir mar aon le léargas pearsanta a thabhairt ar shaol agus ar ghaiscí na ndaoine fuinniúla ar leith seo. Is sraith ar leith í seo toisc go gcuirtear béim ar an ról ríthábhachtach atá ag an nGaeilge maidir le tionchar a imirt ar a n-aistir. 

Tugtar aird go straitéiseach ar eochairfhocail agus nathanna atá riachtanach chun teanga a shealbhú, agus tá sé sin ag teacht le aidhm TG4 Foghlaim/COGG agus tacaíocht Béalbhinn do phríomhthéamaí an churaclaim chun forbairt teanga a éascú. 

Cuirtear canúintí éagsúla i láthair sa tsraith, ag dearbhú thiomantas TG4 Foghlaim/COGG do thacaíocht a thabhairt d’fhoghlaimeoirí ar fud na tíre ina n-iomláine. Beidh cainteoirí ó áiteanna éagsúla amhail Gort an Choirce, Ciarraí, Conamara agus Baile Átha Cliath páirteach sa tsraith. 

Chomh maith le míreanna físe, tá acmhainní teagaisc atá cruthaithe ag COGG ar fáil ar TG4 Foghlaim a thugann deis d’fhoghlaimeoirí forbairt a dhéanamh ar an teanga atá sna físeáin. Is uirlisí luachmhara iad sin chun feidhmiú agus sealbhú teanga a dhaingniú. 

Is féidir Béalbhinn a fheiceáil anseo - https://foghlaim.tg4.ie/ tsraith_shinsearach

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.