An bhua le Ceanada in aghaidh na hÉireann níos luaithe inniu

placeholder image

An Luan seo tabharfaidh foireann na hÉireann aghaidh ar an Nigéir ag Staid Brisbane

Tá deireadh le brionglóid Phoblacht na hÉireann maidir le Corn an Domhain FIFA i ndiaidh gur chaill siad in aghaidh Ceanada 2-1, i Staid Perth, in Iarthar na hAstráile.

Bhí gach seans ag Éirinn sa chéad leath, níor éirigh le Ceanada ach cúl a fháil ina gcéad ionsaí fiúntach nuair a sháraigh Megan Connolly crosaire ó Julia Angela Grosso thar Courtney Brosnan sa chúigiú bomaite d'am ghortaithe. 

Bhí Kyra Carusa, ag cur go leor imní ar imreoirí Cheanada agus iad ag imirt in aghaidh an bháisteach.

Naoi mbomáite taobh istigh don dara leath, chuir iarrachtaí Adriana Leon Ceanada i dtús áite sa chluiche.

Tá Ceanada rangaithe sa seachtú háit ar an domhain i láthair na huaire.

Tugadh Amber Barrett, Dún na nGall ó dhúchas isteach sa chluiche ar an 65ú bomaite. I rith an dárna leath, choinnigh Ceanada ag treabhadh leo agus iad dírithe agus snéasta agus d'éirigh leo an chluiche a bhaint. 

An Luan seo tabharfaidh foireann na hÉireann aghaidh ar an Nigéir ag Staid Brisbane.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice