Aimsir na hÉireann, 17 Samhain, 2023


INNIU: Lá deas a bheas ann ar an Aoine le neart gréine ach tiocfaidh báisteach um thráthnóna.
ANOCHT: Leanfaidh an bháisteach isteach san oíche agus beidh sé gaofar in áiteanna.
AMÁRACH: Beidh sé fuar ar an Satharn. Tá seans ann go mbeidh toirneach agus clocha sneachta ann áiteanna i rith an lae.
Beidh go leor báisteach ann oíche Shatharn agus beidh an teocht idir 8 agus 10 gcéim. Beidh sé gaofar chomh maith.
Beidh beagán gaoithe ann i dtús an Domhnaigh ach beidh an ghrian le feiceáil ó am go ham. Beidh báisteach ar an Domhnach agus beidh an teocht idir 10 agus 12 gcéim. Beidh an teocht is ísle idir 5 agus 8 gcéim.