Urghabhadh cannabas arbh fhiú €2.1 milliún é le linn cuardaigh i mBaile Átha Cliath


Gabhadh beirt fhear freisin mar chuid de chomhoibríocht na nGardaí agus na gCoimisinéirí Ioncaim
D'urghabh oifigigh na gCoimisinéirí Ioncaim 105 kg de channabas luibhe, ar luach os cionn €2 mhilliún i mBaile Átha Cliath.
Rinneadh an urghabháil mar thoradh ar chomhoibríocht a rinne an tSeirbhís Custaim na gCoimisinéirí Ioncaim agus Biúró Náisiúnta an Gharda Síochána um Dhrugaí agus Coireacht Eagraithe (GNDOCB).
Tá luach €2.1 milliún ar an 105kg de channabas.
Ghabh An Garda Síochána beirt fhear ina 30idí agus tá siad á gcoinneáil faoi láthair i Stáisiún Gardaí i mBaile Átha Cliath Thiar faoi Alt 2 den Acht um Cheartas Coiriúil (Gáinneáil ar Dhrugaí), 1996.
Tá imscrúduithe ar siúl.
Tá an urghabháil seo mar chuid de chomh-imscrúduithe leanúnacha na gCoimisinéirí Ioncaim a dhíríonn ar ghrúpaí coireachta eagraithe agus ar allmhairiú, díol agus soláthar drugaí mídhleathacha.
Má tá aon fhaisnéis ag gnólachtaí, nó ag daoine den phobal, maidir le smuigleáil drugaí, is féidir leo teagmháil a dhéanamh leis na Coimisinéirí Ioncaim faoi rún ar an uimhir theileafóin 1800 295 295.