Torthaí scrúduithe an Teastais Shóisearaigh ar na bacáin


Tá sé deimhnithe ag an Aire Oideachais Norma Foley go scaoilfear torthaí scrúduithe an Teastais Shóisearaigh i mbliana do scoláirí ar an 18ú lá de mhí Dheireadh Fómhair.
D’fhógair an tAire dáta na dtorthaí i bpostáil ar X (Twitter roimhe seo) maidin Dé Luain: “Tá sé deimhnithe ag @SECireland dom go n-eiseofar dáta torthaí scrúduithe na Sraithe Sóisearaí i mbliana ar an 18 Deireadh Fómhair.”