Toitíní ar fiú beagnach €5m urghabhadh ag Calafort Bhaile Átha Cliath


Thángthas ar chontrabhanna i leantóir a tháinig ón mBeilg
Tá imscrúduithe ar bun i ndiaidh urghabháil thart ar 5.8 milliún toitín mídhleathach ag Calafort Bhaile Átha Cliath.
Rinneadh an urghabháil Dé Máirt nuair a rinneadh cuardach mar thoradh ar phróifíliú riosca.
“Thángthas ar na toitíní, darb ainm ‘Richmond Blue’, ‘Lambert & Butler Original Blue’ agus ‘Lambert & Butler Original Silver’, i leantóir a tháinig ó Zeebrugge na Beilge.
Léiríonn sé caillteanas féideartha don Státchiste de bhreis is € 3,823,000," a dúirt urlabhraí.
Níor nochtadh aon fhaisnéis bhreise go poiblí agus tá imscrúduithe fós ar siúl.