Taobh istigh agus taobh amuigh den fháinne le dornálaí Feirsteach Seán McComb

placeholder image

Téann clár faisnéise úr de chuid BBC Gaeilge taobh istigh agus taobh amuigh den fháinne le dornálaí Feirsteach Seán McComb atá ag teacht chun cinn agus é sa tóir ar chraobh proifisiúnta dornálaíochta.

Leanann CIOTÓG aistear Sheáin thar tréimhse trí bliana. Tá idir bhuaicphointí agus ísealphointí san fháinne aige agus tagann athruithe ollmhóra ar a shaol pearsanta fosta.

Faigheann an scannán seo léargas ar leith ar réim dhian traenála Sheáin agus súil ar an aicsean roimh, i rith agus i ndiaidh troda. Leanann an clár Seán agus é ag traenáil i nGlaschú lena chomhdhornálaithe Tyrone McKenna, Tyrone McCullough agus Paddy Barnes, agus téann muid leis agus é ag siúl an achair ghearr óna theach in iarthar Bhéal Feirste go dtí Páirc na bhFál agus comórtas mór dornálaíochta atá mar chuid de Féile an Phobail.

In CIOTÓG feictear saol Sheáin i rith phaindéim Covid-19 agus a shlí bheatha curtha ar an mhéar fhada, ach tús curtha le ré úr ina shaol pearsanta agus é féin agus a fiancée ag súil lena gcéad pháiste. Labhraíonn Seán os ard sa scannán faoi luach na dornálaíochta dó féin agus dá mhuintir, faoin dóigh a ndeachaigh a thógáil in iarthar Bhéal Feirste i bhfeidhm air, faoina dhóchas don todhchaí agus faoin fáth gur mian leis rud éigin a thabhairt ar ais do phobal áitiúil s’aige.

Chomh maith le cluinstin ó Sheán féin, caitheann an clár am lena fiancée Dearbhlá, lena theaghlach, lena chairde agus lena chomhdhornálaithe, le pictiúir iomlán a chruthú den fhear taobh thiar de na miotóga agus é ar a aistear ó laoch dornálaíochta amaitéaraí áitiúil go hiomaitheoir proifisiúnta craoibhe. 

DoubleBand Films a rinne an clár do BBC Gaeilge agus do TG4, le maoiniú ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge, Scáileán Thuaisceart Éireann. Tá CIOTÓG ar fáil ar BBC iPlayer agus ar BBC Two Northern Ireland ón Domhnach an Feabhra 26 ar

10in.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice