Tacaíonn an pobal le Shane MacGowan agus é san otharlann


Ghabh Victoria Mary Clarke buíochas le lucht leanúna Shane MacGowan as ucht a dtacaíocht agus a fear céile faoi chúram san ospidéil, i láthair na huaire.
Chuir Clarke íomhá ar shuíomh meáin shóisialta X, Twitter mar a bhí, dí féin in éineacht leis an t-amhránaí clúiteach agus é ina luí i leaba gléasta i ngúna leighis.
Ní thuigtear go foill cad chuighe atá príomh cheoltóir na Pogues san otharlann ach is léir go bhfuil go leor daoine ag tacú go láidir leis.
Is mó aithne atá ar an cheoltóir de bharr Fairytale of New York.