Tá Underdogs TG4 ar ais le Sacar na mBan

Táthar ag athrú spóirt do Underdogs TG4 agus an tsraith iomráiteach anois ag tabhairt aghaidh ar Shacar na mBan.

Tá deireadh tagtha le scéal stairiúil fhoireann sacair na hÉireann i gCorn Domhanda FIFA na mBan 2023 agus beidh deis den scoth ag imreoirí ag bunleibhéal na gcumann dul ag imirt leis na foirne móra.

Beidh painéal sainroghnóirí sa tóir ar scuad de mhná uaillmhianacha atá sách cumasach, díocasach agus díograiseach le haghaidh a thabhairt ar cheann de na foirne is fearr i bPríomhroinn SSE Airtricity na mBan. Ar an taobhlíne beidh an fhoireann bainistíochta mór le rá ar a mbeidh iar-imreoir idirnáisiúnta agus anailísí RTÉ Méabh de Búrca, iar-imreoir agus iar-bhainisteoir Chláirsigh na Finne Charlie McGeever agus ceannaire shacar na mban Dhroichead Átha Aontaithe Laura Donovan. 

Is éard a dúirt Mark Scanlon, Stiúrthóir League of Ireland an FAI: “Tá ríméad orainn tacú leis an tionscnamh seo a chuirfidh deis agus cosán ar fáil d’imreoirí an chluiche, imreoirí atá éirithe as an sacar b’fhéidir ar chúiseanna éagsúla, cibé más mar gheall ar chúrsaí oibre, staidéir, teaghlaigh nó cúiseanna eile é.

"Tá súil againn gurb é Underdogs an chéad chéim thábhachtach a ghlacfaidh na himreoirí sin a bhfuil sé de mhian acu i gcónaí imirt ag an leibhéal is airde sa sacar in Éirinn ag an am iontach seo a bhfuil fás agus forbairt ag teacht ar shacar na mban in Éirinn”

Dúirt Ceannasaí Spóirt TG4 Rónán Ó Coistealbha: “Is sraith sheanbhunaithe agus rialta i sceideal TG4 an tSraith Underdogs le roinnt blianta agus táimid ar bís don séasúr nua seo den tsraith iomráiteach. Is bliain ollmhór a bheidh inti i mbliana do Shacar na mBan agus táimid ag tnúth le bheith ag obair leis an FAI agus le Adare Productions agus an cheád scuad Underdogs eile á chruthú acu.”

 

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice