Tá séarachas gan cóireáil ina rith isteach san fharraige in áiteanna thárt timpeall na tíre


Tá rabhadh tugtha ag an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil go bhfuil séarachas amh ina rith isteach san fharraige amach ó chósta na tire seo, in áiteanna éagsúla, ar bhunus laethúil.
I dtuarascáil a d'fhoilsigh an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil dúradh nach bhfuil os cionn leath de dhuíolluisce na hÉireann ag comhlíonadh caighdeáin an AE chun an comhshaol a chosaint, de réir tuairisc ar RTÉ.
Dúradh go raibh dul chun cinn maith déanta ag Uisce Éireann le bliain anuas agus go bhfuil córas cóireála fuíolluisce curtha acu i 6 bhaile eile ach go bhfuil gá le go mbeadh fíche-sé bhaile eile ceanghailte leis an chóras.
Dúradh sa tuairisc go bhfuil síorghá le go mbeadh na ceantair ina bhfuil séarachas amh ina rith isteach san fharraige ceanghailte le córas go luath agus is féidir. Tuigtear go mbeadh costas mór lena léithid a dhéanamh ach go mbeidh sé ina infheistíocht don am atá le theacht.