Sráith úr A GOIRT ÓRGA ar TG4
Ó Bhéising go Braga, ón gCróit go Páirc an Chrócaigh, tabharfar cuairt le linn na sraithe seo ar chuid de na staideanna is iontaí ar an domhan seo, Staid Oilimpeach Shúl, Staid Azteca i gCathair Mheicsiceo agus Anfield i Learpholl ina measc
Beidh sraith úr A Goirt Órga a chraoladh ar TG4 ina ndéanfar ceiliúradh ar scothionaid spóirt an domhain in Éirinn agus thar sáile.
Beidh trí chlár ann a mhairfeas uair an chloig an ceann. Tá an sráith léirithe ag Loosehorse do TG4 i gcomhléiriú le Cwmni Da and S4C (An Bhreatain Bheag), JTV agus KCA (An Chóiré) agus LIC (An tSín).
Deirtear go bhfuil i bhfad níos mó i gceist le staideanna seachas iontais ailtireachta de chruach agus cloch, is ardeaglaisí beo iad ina dtagann pobail le chéile chun caidreamh a dhéanamh, mar go dtugtar an-aird sna staideanna ar na laochra spóirt. Is cinnte go bhfuil an mhéid sin fíor is cuma cé acu atá ag cluiche ceannais contae i gCiarraí nó ag Cluiche Ceannais Chorn an Domhain i gCathair Mheicsiceo.
Tugtar léargas sa tsraith seo ar an méid a tharlaíonn sa chúlra ag trí cinn de hionaid spóirt is mó urraim in Éirinn chomh maith le lucht féachana TG4 a thabhairt ar thuras ar fud an domhain chuig ionaid spóirt i Meicsiceo, sa tSín, sa Chóiré, sa Chróit, sa Phortaingéil, sa Bhreatain Bheag agus i Sasana.
Tá atmaisféar dobhraite ag na staideanna seo agus tá a haitheantas ar leith féin ag gach aon cheann acu. Foghlaimeoimid faoin gcultúr, stair, ailtireacht agus dearadh a bhaineann le breis is dosaen staid agus casfaimid leis na daoine a thugann na hionaid iontacha seo chun fíre.
Is é Dara Ó Cinnéide, an craoltóir croíúil agus údarásach agus iar-pheileadóir Chiarraí a chuirfidh an tsraith i láthair. Níl aon dabht faoi chumas spóirt an fhir seo, fear ar éirigh leis na boinn is mó sin a mbíonn tóir orthu, na boinn sin a bhfuil cros Cheilteach orthu, a bhaint amach le linn a ghairme spóirt mór le rá.
Ó Bhéising go Braga, ón gCróit go Páirc an Chrócaigh, tabharfar cuairt le linn na sraithe seo ar chuid de na staideanna is iontaí ar an domhan seo, Staid Oilimpeach Shúl, Staid Azteca i gCathair Mheicsiceo agus Anfield i Learpholl ina measc.
I gclár a haon, tabharfaidh Dara Ó Cinnéide cuairt ar an athchóiriú atá ar siúl in Anfield, áit a bhfuil ceangal mór ag muintir na hÉireann le cumann peile Learphoill. Tá Dara ag tacú leis an bhfoireann seo ar feadh a shaoil agus tá sé ar bís go bhfuil cead faighte aige dul isteach sna seomraí feistis agus sa seomra cáiliúil “seomra na mbuataisí” a fheiceáil. Bíonn ríméad air nuair a fhaigheann sé amach gur ainmníodh an staid a bhfuil cáil dhomhanda uirthi i ndiaidh Bhaile na hAbhann, baile beag i Loch Garman.
In Braga sa Phortaingéil, rinne an t-ailtire Eduardo Souta De Moura airéine ar leith ina bhaile dúchais do chraobhchomórtais na hEorpa in 2004: is é gur ghearr siad an pháirc amach as aill, agus d’fhág sin balla cairéalaithe cloch ar thaobh amháin agus radharc oscailte ar an taobh eile. Bhronn Barack Obama gradam ar an ailtire as a dhearadh íocónach.
In Jeonju sa Chóiré, fuarthas spreagadh do dhearadh agus innealtóireacht na staide áitiúla peile - a tógadh do Chorn an Domhain in 2002 - agus atá bunaithe ar stair muirí an cheantair.
Agus sa Brandywell i nDoire, tugtar léargas do Dhara ar na bealaí gur ionann an spórt don phobal seo agus ceangal lena bhféiniúlacht agus lena stair - ar léargas é freisin ar an mórtas áite atá acu féin - mórtas atá i bhfad níos tábhachtaí ná an scór ar pháirc na himeartha gach deireadh seachtaine.
Sa dárna clár, tugtar cead speisialta do Dhara súil a chaitheamh ar an méid a bhíonn ag tarlú sa chúlra i bPáirc an Chrócaigh i rith chluiche ceannais iomána na hÉireann. Labhróidh Dara le daoine éagsúla atá i gcroílár an aicsin féachaint lena fháil amach cén fáth a bhfuil an ócáid spóirt seo, an ócáid is mó a thaitníonn le muintir na hÉireann, chomh tábhachtach sin in aigne spóirt na hÉireann.
Ansin rachaidh sé go tuaisceart na Breataine Bige áit arb iad Ryan Reynolds agus Rob McElhenney, réaltaí móra Hollywood, úinéirí nua an chlub áitiúil in Wrexham. Tá curtha go mór ag teacht na beirte seo le sprid an bhaile agus an lucht leanúna spreagtha arís i leith an Ráschúrsa: ceann de na staideanna peile is sine ar fad ar domhan. Ar ais sa Ríocht, rachaidh Dara ar bhóithrín na smaointe ina bhaile dúchais féin agus caithfidh sé an mhaidin i Staid Mhic Gearailt i gCill Airne lena chara mór Tomás Ó Sé.
I gclár a trí, beidh an spotsholas ar staid Azteca i gCathair Mheicsiceo ceann de na hairéiní spóirt is cáiliúla ar domhan. Is anseo a d’éirigh le Bob Beamon curiarracht dhomhanda a bhaint amach don Léim Fhada ag Cluichí Oilimpeacha na bliana 1968 agus is ann freisin a bhuaigh Pelé a dhara Corn Domhanda dhá bhliain ina dhiaidh sin.
Ach is mó a chuimhneoidh go leor daoine ar an ionad seo mar an áit inar scóráil Diego Maradona a chúl cáiliúil ‘hand of God’ i gcoinne Shasana agus an Airgintín ar tí Corn an Domhain a thabhairt leo i 1986. Labhróidh Dara faoin tréimhse órga spóirt seo leis an gcraoltóir áitiúil sacair Marion Reimers, sula rachaidh sé i dteannta na foirne baile, na “Ultras” sna hardáin chun féachaint ar chluiche lán-atmaisféir don fhoireann áitiúil Club America.
Fad is a bheidh sé i gCathair Mheicsiceo, gheobhaidh Dara blaiseadh de sheó spóirt ó ré atá thart. Insíonn Pelota, cluiche ársa na nAstacach go leor dúinn faoi luachanna na sibhialtachta ársa seo agus chomh dáiríre is a bhí siad faoi spórt - is minic a chríochnódh babhtaí teasaí pelota le bás nó leis na cloigne bainte den fhoireann a bhí cloíte.
Measann scoláirí gurb é ceann de na spóirt is sine ar domhan é agus tá athbheochan ag tarlú ar an spórt faoi láthair, athbheochan atá cosúil leis an athbheochan a bhí ar an iomáint anseo sa 19ú haois.
Tabharfaidh Dara a aghaidh ar Thuaisceart Londan go dtí staid Tottenham Hotspur, staid is mó Shasana atá ar thús cadhnaíochta agus a tógadh ar lorg a sean-staide: White Hart Lane. Ar thailte cothroma féir an Churraigh i gCill Dara, fiosróidh Dara taispeántas buanseasmhach na rásaíochta capall i dtimpeallacht nádúrtha atá ag mealladh lucht spéise leis na mílte bliain. Beidh an traenálaí capall rásaíochta agus a shean-namhaid ar an bpáirc peile, Willie McCreery, ina threoraí aige agus é ag fáil faoi réir do rás is mó na bliana: Dearbaí na hÉireann.
Bígí ag feachtaint an Déardaoin seo Márta 23, 9.30PM ar TG4