Sráith Cheoil úrnua ar TG4


Craolfar sraith nua ceithre chlár ina mbeidh lucht siamsaíochta den scoth ó shlí an Atlantaigh Fhiáin ar TG4, ag tosú Dé Domhnaigh, Meitheamh 11.
Sa tsraith ‘Wild Atlantic Way: A Musical Journey’, beidh ceoltóirí traidisiúnta, damhsóirí, amhránaithe agus grúpaí traidisiúnta ó chontae Shligigh, Mhaigh Eo, Liatroma agus na Gaillimhe.
Rinneadh na cláir a thaifeadadh sa Royal Theatre i gCaisleán an Bharraigh i rith na dianghlasála. Ba iad Henry McGlade, TV Ireland agus Eibhlín Ní Chonghaile, TG4 a chuir an tsraith i láthair.
Tá an chéad chlár dírithe ar Shligeach agus beidh sé le feiceáil ar TG4 - Dé Domhnaigh, Meitheamh 11 ar 8.30pm. Beidh na grúpaí seo a leanas sa gclár, grúpa traidisiúnta Uí Dhónaill, Cathy Jordan ó Dervish, Seamie O’Dowd, Ceoltóirí Coleman, an laoch ceoil Carmel Gunning, The Buoys of Ballisodare Sea Shanty Choir, grúpa traidisiúnta an Athar James McDonagh agus scoil damhsa bróga bríomhar. Déanfar athchraoladh ar an gclár Dé Céadaoin, Meitheamh 13 ag 7.30pm.
Beidh blas Mhaigh Eo ar an gclár an tseachtain dar gcionn, Dé Domhnaigh, Meitheamh 18 ina mbeidh an grúpa traidisiúnta The Murphy Sisters, an sárbhoscadóir Dave Munnelly, an damhsóir sean-nóis Tommy Stenson, Píobairí Mhaigh Eo, an grúpa damhsa Atlantic Rhythm, grúpa ceoil comhaimseartha Billow Wood, Ragus agus Clann Tiernan.
Craolfar an clár sin arís Dé Céadaoin 21 Meitheamh ag 7.30pm.
Beidh an bhéim ar chontae Liatroma Dé Domhnaigh, Meitheamh 25, nuair a bheas an grúpa traidisiúnta Garadice, an grúpa traidisúnta Gan Ainm, an t-amhránaí Charlie McGettigan, an Grúpa Traidisiúnta Belhavel agus an t-amhránaí bailéad Fionnuala Maxwell le cloisteáil ar an gclár.
Craolfar an clár deiridh Dé Domhnaigh, Iúil 2, agus sa chlár sin beidh an bhéim ar Ghaillimh. Beidh Ultan Conlon, an t-amhránaí agus scríbhneoir ceoil, an grúpa traidisiúnta Back West, an t-amhránaí traidisiúnta Caitríona Ní Cheannabháin, Leo Moran agus Pádraig Stevens agus The Whileaways le cloisteáil sa chlár deiridh.
Ba é an Royal Theatre a mhaoinigh an tsraith seo le cúnamh ó Scéim Maoinithe LLPPS.
Ba é Micheál Ó Ciaraidh, craoltóir aitheanta Gaeilge agus léiritheoir teilifíse neamhspleách, a léirigh an tsraith. Bhí Frankie McDonald ó Chaisleán an Bharraigh i bhfeidhil ar shoilsiú agus ar an bhfuaim.
Craolfar ‘Wild Atlantic Way: A Musical Journey’ thar ceithre seachtaine, ag tosú Dé Domhnaigh, Meitheamh 11 ag 8.30pm ar TG4 agus ar sheinnteoir TG4.