Cailín ocht mbliana d'aois ag canadh ar an stáitse le Shania Twain


Fuair Mia Murphy, ocht mbliana d'aois, seans ar feadh an tsaoil agus í ag canadh ar an stáitse le Shania Twain ag a gig sa 3Arena i mBaile Átha Cliath.
Tar éis do Mia, as Corcaigh, bratach na hÉireann/Cheanada a thonnadh, chonaic sár-réalta na tíre í sa slua.
Agus í ag caitheamh T-léine le héadan Shania, chan Mia ‘Come on Over’ ar an stáitse.
Chuaigh an leanbh chuig an gig lena mamaí, atá ina leantóir mór Shania Twain freisin.