Searmanas i gcuimhne orthu seo a cailleadh i gCogadh Cathartha na hÉireann

placeholder image

Beidh an Taoiseach agus an Tánaiste i gceannas ar shearmanas sa Ghairdín Cuimhneacháin chun ómós a thabhairt dóibh siúd a fuair bás i gCogadh Cathartha na hÉireann.

Beigh an imeacht seo ar siúl Dé Domhnaigh, 28 Bealtaine mar chuid de chlár Deich mBliana na gCéad Bliain.

Tá sé mar aidhm ag an searmanas athmhuintearas agus leigheas a thabhairt agus beidh léirithe ceoil agus cainte ag Comhbhanna Óglaigh na hÉireann, Cór Óige Chór Linn agus ealaíontóirí aonair.

Freastalóidh an Taoiseach Leo Varadkar, an Tánaiste agus an tAire Cosanta Micheál Martin, oifigigh rialtais, comhaltaí an Oireachtais, agus an Chomhairle Stáit, in éineacht le gaolta na ndaoine a ndeachaigh an Cogadh Cathartha i bhfeidhm orthu go díreach.

Craolfar an searmanas beo ar RTÉ One agus ar RTÉ Player ag 12:10pm, agus beidh Teanga Chomharthaíochta na hÉireann ar fáil ar RTÉ News Channel agus ar Seinnteoir RTÉ.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice