Príomhchonstábla Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann tar éis éirí as


Tá Príomhchonstábla Seirbhís Póilíneachta Thuaisceart Éireann, Simon Byrne, tar éis éirí as, de réir tuairisc ar RTÉ.
Tá cruinniú poiblí a bhí pleanáilte de Bhord Póilíneachta Thuaisceart Éireann a bhí le bheith ar siúl Deardaoin curtha ar ceal.
Bhí an tUasal Byrne le bheith i láthair ag an chruinniú.
Bhí an tUasal Byrne faoi bhrú ollmhór de dheasca sárú sonraí ar na mallaibh.