Plúr na gceoltóirí ag Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair

Beidh neart ceoil le cluinstin inniu ag Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair. D'oscail an scoil i nGaoth Dobhair aréir. Is é an ceoltóir Brian Danny Minnie Ó Domhnaill a d'oscail an scoil aréir, Dé Ceadaoine.
Beidh ócáid do cheoltóirí ar siúl sa Social i nGaoth Dobhair an áit a bheas ceoltóirí ar ar nós Brian Danny Minnie, Lilis Ó Laoire, Rita Gallagher agus Gearóidín Breathnach.
Is í Mairéad Ní Mhaonaigh a bheas mar bhean an tí. Cuirfear tús leis an ceolchoirm ar an 4 a chlog.
Beidh damhsa beirte ar siúl sa Social ar 8.30.