ÚSÁID NA SAIGHDEÁIN CHUN FÉACHAINT AR A THUILLEADH PICTIÚIR
Rinne Cathal Goan leabhar úr filíochta leis an scríbhneoir aitheanta Róise Ní Bhaoill a sheoladh in Áislann Rann na Feirste Dé hAoine.
Bhí slua mór i láthair ag an ócáid speisialta seo a rinne ceiliúradh ar dhuine de mhórscríbhneoirí na tíre.
Ag labhairt ag an tseoladh, dúirt Cathal Goan faoin leabhar úr Idir an Dá Fhearsaid: “Seo é an t-éan ar dhual dó sciurdadh as an ealta. Seo an tseoid a leagann síos slat tomhais eile úrnua ar fad do litríocht Rann na Feirste feasta agus a dhéanann an méid sin gan a bheith faoi chomaoin ag a dtáinig roimpi; seo insint mhná ar eispéireas an duine aonair; grá, gráin, fearg, dobhrón, cumha, dáimh, collaíocht, éad, lúcháir chroí agus anama, dianmhachnamh agus domhain-thuiscint ar chás an duine dhaonna, ar chás an duine ar deoraíocht, ar chás an andúiligh, ar chás an duine atá ceaptha idir dhá dtír nó idir dhá fhearsaid, thiar agus thoir.”
Is é seo an chéad chnuasach filíochta le Róise Ní Bhaoill agus is iad na foilsitheoirí Éabhlóid a chur amach é. I 2022 d’fhoilsigh Éabhlóid cnuasach gearrscéalta le Róise Ní Bhaoill, Imram agus Scéalta Eile, a bhuaigh an duais mór le rá, Leabhar Gaeilge na Bliana ag An Post Irish Book Awards i 2023.
Ag an ócáid chéanna Dé hAoine, rinneadh ceiliúradh ar mhórscríbhneoir eile as Rann na Feirste, Seosamh Mac Grianna, nuair a sheol Eoghan Mac Giolla Bhríde eagrán úr den leabhar An Grá agus an Ghruaim. Leabhar í seo a d’fhoilsigh an Gúm den chéad uair in 1929 agus tá an t-eagrán úr bunaithe ar an chéad eagrán sin agus é dílis do chanúint agus do bhlás shaibhir an údair.
Ag labhairt faoin ócáid, dúirt Eoghan: ‘Pribhléid mhór dúinne a bheith ag foilsiú eagrán úr de An Grá agus an Ghruaim. Tá scríbhneoireacht Mhic Grianna fíorthábhachtach domhsa go pearsanta nó chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm mar léitheoir óg ag léamh ficsean, ní amháin i mo theanga dhúchais ach a bhí ar ardchaighdeán litríochta.
"Is mór an tógáil croí é scríbhneoirí cruthaitheacha mar Róise Ní Bhaoill a fheiceáil ag teacht leis an “mháilín”, ar thrácht Mac Grianna air ina chuid scríbhneoireachta, a iompar agus Rann na Feiste a chur i bhfíorthosach na litríochta Gaeilge arís. Tá muid iontach buíoch d’achan duine a tháinig amach don ócáid."
Agus an ghrian ag dul síos ar chúl Rann na Feirste Dé hAoine, bhí sé soiléir gur bhain an slua pléisiúr as an oíche a rinne ceiliúradh ar bheirt dá gcuid scríbhneoirí, Róise Ní Bhaoill agus Seosamh Mac Grianna. I measc na réalta a bhí i láthair bhí Mairéad Ní Dhomhnaill, Paddy Glackin, Marcus Ó Murchú, Dónall Mac Ruairí agus Bríd Anna Ní Bhaoill.

13.

14.


