Peileadóir na Gaillimhe, Seán Ó Maoilchiaráin, ceaptha ina Ambasadóir Gaeilge CLG do 2026


Fógraíodh ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh gurb é peileadóir na Gaillimhe, Seán Ó Maoilchiaráin, a bheidh mar Ambasadóir na Gaeilge ag Cumann Lúthchleas Gael do 2026
Fógraíodh ag ócáid i bPáirc an Chrócaigh gurb é peileadóir na Gaillimhe, Seán Ó Maoilchiaráin, a bheidh mar Ambasadóir na Gaeilge ag Cumann Lúthchleas Gael do 2026.
Tá an Ghaeilge an-tábhachtach do Sheán, ar as Inis Mór dó, agus tá sé ag súil go mór leis an ról mar Ambasadóir Gaeilge CLG.
Mar chuid den ról beidh Seán ag tacú le scéimeanna agus le hócáidí Gaeilge de chuid anChumainn ar nós Cuaille (iris Ghaeilge ar líne an Chumainn), Fondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonncha, podchraoladh nua staire CLG, CLG – Gluaiseacht á cur ar bun, Comórtas Peile na Gaeltachta i measc rudaí eile.
LÉIGH FREISIN | Fógraíonn RTÉ scéinséir coireachta nua 'greimiúil' le Colm Meaney suite i láthair áilleachta in Éirinn
Ag an seoladh i bPáirc an Chrócaigh inniu chuir Cathaoirleach Choiste Náisiúnta Gaeilge Chumann Lúthchleas Gael, Áine Uí Choinn, fáilte roimh Sheán chuig an ról agus ghuigh sí gach rath air don bhliain amach romhainn.


Seán Ó Maoilchiaráin sa phictiúr le Áine Uí Choinn Cathaoirleach Choiste Náisiúnta na Gaeilge CLG agus Mairéad Ní Thiomáin Bainisteoir Oibtíochtaí
Ó d’imir Seán le Gaillimh don chéad uair thiar sa bhliain 2018, tá dornán de Chraobhacha Sinsear Chonnacht buaite ag réalta Oileáin Árann le Gaillimh.
Tá Cumann Lúthchleas Gael ag súil go mór le bheith ag obair le Seán don bhliain amach romhainn. Tagann Seán sna sála ar pheileadóir na Gaillimhe, Paul Conroy, a bhí mar Ambasadóir Gaeilge ar CLG i 2022, ar iománaí an Chláir, Paul Flanagan, a bhí mar Ambasadóir na Gaeilge i 2023, ar Sheán O’Shea, Ciarraí, a bhí mar Ambasadóir na Gaeilge do 2024 agus Fergal Whitely, Áth Cliath, a bhí mar Ambasadóir na Gaeilge i 2025.