Paul Mescal ainmnithe ar liosta 100 irisleabhar Times


Tá an t-aisteoir Éireannach, fear na Gaeilge, Paul Mescal curtha san áireamh ar liosta 100 ar irisleabhar TIME a fógraíodh Dé Céadaoine.
Léiríonn an liosta an chéad duine atá ag treabhadh a mbealach ó thaobh cursaí gnó, siamsaíocht, spórt, polaitíocht, eolaíocht, sláinte agus a léithid. Tá Mescal liostaithe sa chatagóir d'ealaíontóirí.
Tá cliú agus cáil ar Paul Mescal de bharr an scannán Normal People agus tá sé ainmnithe taobh le daoine ar nós Emma Corrin ó The Crown, réalta Stranger Things Maya Hawke agus Bella Ramsey ó Game of Thrones agus The Last Of Us.
Scríobh an t-aisteoir Éireannach Colin Farrell píosa faoi Mescal inár mhol sé Mescal as ionracas ina a chuid aisteoireachta.