Infheistíocht i dtionscadail bhonneagair ar oileáin amach ó chósta Dhún na nGall, Mhaigh Eo, na Gaillimhe agus Chorcaí
D’fhógair an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus na Gaeltacht, Dara Calleary, €828,000 le haghaidh oibreacha caipitil ar oileáin amach ón gcósta in Éirinn.
Feicfear uasghráduithe ar bhóithre, ar chéanna, ar chosaint cósta, ar shoilsiú sráide agus ar thionscadail bhonneagair eile mar chuid den infheistíocht.
Is iad na hoileáin a bhainfidh leas as an maoiniú ná:
Contae na Gaillimhe: Inis Mór, Inis Bó Finne agus an Cloigeann
Contae Dhún na nGall: Oileáin Bheaga agus Uaigh
Contae Mhaigh Eo: Cliara, Inis Toirc, Claínis, Inis Laidhre agus Rú an Átha
Contae Chorcaí: Béara agus Oileán Baoi
Agus an fógra á dhéanamh aige, dúirt an tAire Calleary: “Tá áthas orm maoiniú €828,000 a fhógairt inniu chun tacú le seachadadh agus uasghrádú mórán tionscadal bonneagair ar ár n-oileáin amach ón gcósta.
“Is gealltanas lárnach faoinár mBeartas Oileán deich mbliana, ‘Ár nOileáin Bheo’, cumhachtú ár bpobail oileán trí infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar.
“Ó ceapadh i m’Aire mé i mí Eanáir na bliana seo, tá tosaíocht tugtha agam do na hoileáin. Tá cuairt tugtha agam ar roinnt de na hoileáin cheana féin agus tá sé i gceist agam cuairt a thabhairt orthu ar fad i rith mo thréimhse mar Aire.
“Ó bhóithre agus céanna go cosaint cósta agus soilsiú sráide – tá na tionscadail seo ríthábhachtach chun feabhas a chur ar shaol an oileáin do dhaoine atá ina gcónaí ar ár n-oileáin agus do na turasóirí iomadúla a thagann ar cuairt.”
Is iad seo a leanas na leithdháiltí foriomlána contae arna gceadú ag an Aire Calleary
Comhairle Chontae Dhún na nGall: €53,100
Comhairle Chontae Mhaigh Eo: €99,000
Comhairle Chontae na Gaillimhe: €154,180
Comhairle Chontae Chorcaí: €521,580
Clúdóidh an maoiniú ón Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta suas le 90% de chostas caipitil na dtionscadal seo agus cuirfidh na húdaráis áitiúla an chuid eile ar fáil.
Tá tuilleadh eolas ar na leithdháiltí ar fáil anseo.
Subscribe or register today to discover more from DonegalLive.ie
Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.
Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.