Search

07 Dec 2025

Ciste fógartha do chúntóirí teanga sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta

Ciste fógartha do chúntóirí teanga sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta

Meastar go cruthóidh an scéim 25 post páirtaimseartha

D’fhógair an tAire Stáit don Ghaeltacht Patrick O’Donovan T.D, go bhfuil ciste ar fiú €508,640 ceadaithe aige thar tréimhse dhá bhliain chun go mbeidh scoileanna faoi leith atá suite i mBailte Seirbhíse Gaeltachta agus i Líonraí Gaeilge atá aitheanta faoin bpróiseas pleanála teanga in ann cúntóir teanga a fhostú mar chuid den phróiseas pleanála teanga.

Beidh Glór na nGael freagrach as an scéim a riar thar ceann na Roinne. Táthar ag súil go mbeidh suas le 27 scoil a fheidhmíonn trí Ghaeilge sa seacht mBaile Seirbhíse Gaeltachta agus sa trí Líonra Gaeilge atá aitheanta faoin bpróiseas pleanála teanga in ann leas a bhaint as an mbeart seo a thosófar á chur i bhfeidhm láithreach. Meastar go bhféadfadh tuairim is 25 cúntóirí teanga a bheith fostaithe faoin scéim agus í faoin lán seoil.

Tá 134 scoil ag baint leas cheana féin as Scéim na gCúntóirí Teanga de chuid na Roinne ó cheann ceann na Gaeltachta agus 113 cúntóirí teanga i mbun oibre faoi scáth na scéime atá á riar ag an dá eagraíocht Muintearas agus Oidhreacht Chorca Dhuibhne thar ceann na Roinne. Is é an cuspóir a bhaineann leis an scéim ná tacú le scoileanna deiseanna breise saibhrithe agus sealbhaithe teanga a chur ar fáil do lucht freastail na scoileanna i gceist. 

Dúirt an tAire Stáit Ó'Donnabháin: "Is céim mhór chun cinn é an beart seo atá á dhéanamh mar thaca breise d’fheidhmiú rathúil an phróisis pleanála teanga. Tá an próiseas sin  - atá faoi stiúir fhoriomlán na Roinne, faoi lán seoil anois sna Bailte Seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge atá aitheanta faoin bpróiseas.  Is údar áthais dom mar Aire Stáit na Gaeltachta a bheith in ann é seo a dhéanamh. Creidim go láidir gur chóir a bheith tacú leis an Gaeilge ar an gcaoi seo."

Dúirt Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Glór na nGael:"Is cinnte go mbeidh tionchar dearfach ag an scéim seo ar fhorbairt na teangan sna scoileanna a bheas rannpháirteach. Is buntáiste iontach luachmhar do na pobail sna bailte seirbhíse Gaeltachta agus sna Líonraí Gaeilge a bheas ann."

To continue reading this article,
please subscribe and support local journalism!


Subscribing will allow you access to all of our premium content and archived articles.

Subscribe

To continue reading this article for FREE,
please kindly register and/or log in.


Registration is absolutely 100% FREE and will help us personalise your experience on our sites. You can also sign up to our carefully curated newsletter(s) to keep up to date with your latest local news!

Register / Login

Buy the e-paper of the Donegal Democrat, Donegal People's Press, Donegal Post and Inish Times here for instant access to Donegal's premier news titles.

Keep up with the latest news from Donegal with our daily newsletter featuring the most important stories of the day delivered to your inbox every evening at 5pm.