Molann Gardaí aire a thabhairt do sheandaoine an Oíche Shamhna seo


IS AM taitneamhach den bhliain í Oíche Shamhna do go leor daoine, ach féadann sé mothúcháin agus imní diúltacha a mhúscailt do dhaoine scothaosta nó do dhaoine leochaileacha.
Tá Gardaí ag spreagadh an phobail chun aire a thabhairt do dhaoine dá leithéid ina saol an Oíche Shamhna seo agus tá roinnt moltaí curtha ar fáil acu má tá aithne acu ar aon duine a mhothaíonn mar seo.
Smaoinigh ar an tráthnóna a chaitheamh leis an duine seo agus a bheith ar fáil chun an doras a fhreagairt chun iad a choinneáil slán, agus ná fág an duine ina aonar ar Oíche Shamhna.
Más féidir, déan socrú go mbeidh duine éigin in éineacht leo idir 4in agus 10in, nó tóg chuig imeacht pobail nó chuig ball den teaghlach iad agus fill ar ais abhaile tar éis na hoíche.
Cuidigh leo an doras a fhreagairt agus milseáin a thabhairt amach más mian leo, nó féachaint ar scannán nó éisteacht le ceol i seomra eile amach ón doras tosaigh.
Ba chóir póirsí agus bealaí isteach a choinneáil saor ó mhaisiúcháin ionas nach mbeidh siad buartha faoi dhamáiste nó tine.