Méadú tagtha ar an líon laethanta tinnis gur féidir leat ghlacadh i 2023


D'fhógair an Rialtas go bhfuil méadú tagtha ar an líon laethanta tinnis gur féidir leat ghlacadh an bhliain seo chugainn.
Go dtí seo, tá cead ag daoine trí lá a thógáil ach an bhliain seo chugainn beidh daoine atá tinn ábalta cúig lá a ghlacfadh saor nuair atá tinneas orthu.
Seo an dara céim de phlean ceithre bliana ina n-ardóidh saoire tinnis le pá fostóra de réir a chéile go deich lá in 2026.
Dúradh go bhfuil an obair seo ar bun le cinnte a dhéanamh go mbeidh daoine ag fáil íoctha agus gan iad ábalta oibriú de bharr tinnis.
Tá an plean ag teacht isteach píosa ar phíosa le deis a thabhairt do fhostoirí theacht i dtír ar a bhfuil uatha.