Maorlathas ag cur bac ar thógáil a deir Sinn Féin
D'iarr an Teachta Ó Broin go mbeadh níos mó neamhspleáchas tugtha don chomhairleach contae i ngach contae ó thaobh cúrsaí tógála
Tá sé iarrtha ag urlabhraí tithíochta Shinn Féin, Eoin Ó Broin TD, go ndéanfaí ‘leasú práinneach ar sholáthar tithíochta sóisialta.'
Dúirt an Teachta Ó Broin go bhfuil an iomairce maorlathais ag baint leis an bpróiseas i láthair na huaire.
De réir staitisticí a d'fhoilsigh an Rialtas, a deir sé, léirítear go bhfuil an iomarca maorlathas ag cur bac ar thógáil sa tír ag am ina bhfuil daoine gan bailte ar fud fad na tíre.
"Cé go bhfuil raon fachtóirí ann a d’fhéadfadh moill a chur ar sholáthar tithíochta sóisialta, is iad na fachtóirí is mó ná an próiseas ceadaithe ceithre chéim achrannach a chuir an Roinn Tithíochta i bhfeidhm ar údaráis áitiúla agus ar chomhlachtaí ceadaithe tithíochta," ar sé.
Dúirt sé go dtug Comhairle Contae Átha Cliath cead pleanála do thrí scór go leith theach sóisialta ina dháilcheantar fhéin i 2019 ach gur cuireadh moill ar an tógáil agus nach bhfuil an tógra críochnaithe go fóill.
D'iarr an Teachta Ó Broin go mbeadh níos mó neamhspleáchas tugtha don chomhairleach contae i ngach contae ó thaobh cúrsaí tógála dhe.