Maoiniú breise leithdháilte le haghaidh seirbhísí do leanaí


D’fhógair an tAire Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Imeasctha agus Óige, Roderic O’Gorman, go bhfuil maoiniú de €700,000 á leithdháileadh ar 37 eagras pobail agus deonach.
Tá an maoiniú ag teacht ó Chiste na gCuntas Díomhaoin, a chuireann ar chumas cistí neamhéilithe ó chuntais in institiúidí creidmheasa Éireannacha tacú le forbairt daoine atá faoi mhíbhuntáiste eacnamaíoch nó oideachais, nó faoi mhíchumas.
Méadaíonn an maoiniú seo seirbhísí comhairleoireachta, síciteiripe agus teiripeacha do leanaí agus do dhaoine óga atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta agus eacnamaíoch i bpobail ar fud na hÉireann.
I measc na gcineálacha teiripe eile tá drámaíocht, súgradh, ealaín, teiripe chruthaitheach, agus tacaíocht méala do leanaí agus daoine óga nach féidir leo na seirbhísí seo a fháil de ghnáth.
Dúirt an tAire O’Gorman, "tá lúcháir orm €700,000 de mhaoiniú ó Chuntais Dhíomhaoine a chur ar fáil do Tusla chun cur leis an obair atá ar siúl acu cheana féin ag tacú le leanaí, daoine óga agus a dteaghlaigh, go háirithe i ndiaidh na paindéime.”