Líon ard daoine thar 35 ag iarraidh a bheith mar bhall don Gharda Síochána

placeholder image

Rinneadh feachtas earcaíochta a reachtáil ar na mallaibh a thug deis de dhaoine faoi 50 bliain d'aois iarratas a dhéanamh le bheith ina mball don Gharda Síochána

Tá iarratas déanta ag beagnach 6,500 duine le bheith ina mball don Gharda Síochána agus tá níos

mó ná trian dóibh thar 35 bliain d’aois.

Bhí feachtas earcaíochta ar siúl ag na gardaí síochána ar na mallaibh.

Léiríonn figiúirí a

d'eisigh an fórsa go ndéarnadh 6,381 iarratas.

Is iad daoine idir 35 agus 49 thart ar 2,300 dóibh seo a rinne iarratas.

Seo an chéad uair a tugadh cead do dhaoine faoi bhun leathchéad bliain d'aois iarratas a dhéanamh

le bheith ina ball don Gharda Síochána.

Dúirt an Aire Dlí agus Cirt, Helen McEntee, go mbeadh daoine le taithí saoil ábalta a bheith

mar bhall do na gardaí agus go léiríonn an tardú aoise go bhfuil daoine ag mareachtáil ní ba

fhaide ná mar a bhíodh.

Related topics:
Register
Follow us
© 2026 Formpress Publishing LTD. All rights reserved.Cookie SettingsTerms and ConditionsPrivacy notice